Is é Baile Átha Cliath (Duibhlinn uaireanta; Béarla: Dublin) príomhchathair na hÉireann, agus é ar an gcathair is mó sa tír freisin. Tá sé suite in oirthear na tíre, cois Life agus ar imeall Mhuir Éireann. Tá breis is 1.6 milliún duine ina gcónaí i mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus deirtear go dtiocfaidh borradh agus fás ar an daonra sa todhchaí.