Deirtí gurbh iad na Lochlannaigh a bhunaigh an chathair sa bhliain 988, ach is suntasach gur dhá ainm Gaeilge atá uirthi, agus nach bhfuil aon ainm Lochlannach uirthi. Lean na Normannaigh ag cur leis an gcathair nuair a tháinig siadsan chuig an tír. Ina dhiaidh sin, leath an Pháil, an chuid den tír a bhí faoi smacht na nGall, as Baile Átha Cliath amach.
Ach in ainneoin cháil ghallda na cathrach, tá go leor fianaise ann go raibh an Ghaeilge á labhairt go flúirseach sa chathair agus go raibh pobal dúchais Gaelach ann go dtí deireadh an 19ú haois ar a laghad, go háirithe i gceantar na Saoirsí. Bhí ciorcal liteartha Gaeilge cáiliúil le fáil ann a bhí bainteach le Seán Ó Neachtain agus a mhac Tadhg sa 17ú agus san 18ú haois agus ba mhór a chuir siad seo le leánn na Gaeilge san Ardchathair.
Sa bhliain 1916, b'i mBaile Átha Cliath a cuireadh an chuid ba mhó de na cathanna le linn Éirí Amach na Cásca, agus cé gur theip ar an Éirí Amach agus nach mórán tacaíochta a bhí aige ag an am, de réir a chéile d'fhás an cás náisiúnach go dtí gur troideadh Cogadh na Saoirse, agus gur síníodh an Conradh Angla-Éireannach sa bhliain 1921. Sa chogadh sin, bhí baint mhór ag an gcathair leis an troid. Ba i mBaile Átha Cliath a bhí Micheál Ó Coileáin agus a Scuad bunaithe freisin. Sa Chogadh Cathartha ina dhiaidh, thosaigh an troid i mBaile Átha Cliath, sna Ceithre Chúirteanna. Rinneadh a lán díobhála sa chogadh sin ar fud na tíre agus i mBaile Átha Cliath. Ba é sin an dara huair a scriosadh an chathair. Ina dhiaidh sin, bhí Baile Átha Cliath ina phríomhchathair ar Shaorstát Éireann agus ar Phoblacht na hÉireann.